Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha

( rialacha agus treoir do scóláirí agus tuismitheóirí )

Is é cuspóir an choláiste ná Gaeilge a theagasc in atmaisféar suaimhneach spraíúil agus le go bhféadfar é seo a bhaint amach tá rialacha ann nach mór cloí leo ar mhaithe le sábháilteacht agus leas gach duine. Iarrtar ar mhic léinn agus tuismitheoirí téarmaí agus coinníollacha an choláiste a léamh sula n-íoctar an éarlais.

Polasaithe Ábhar Oidí le fáil anseo i gcomhar tréimhse foghlama Gaeltachta.

Gaeilge

Is gá Gaeilge amháin a labhairt i rith an tréimhse sa Ghaeltacht. Gaeilge le n'úsáid i gcómhráití pearsanta agus príobháideach lena gcomhscoláirí an t-am ar fad. Déantar éileamh ar scoláirí iarracht a dhéanamh i gcónaí.

Tugtar cúnamh agus tacaíocht do scoláirí cloí le Riail na Gaeilge tré chóras luaíochta a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas. Más rud é go mbeirtear ar scoláire ag labhairt i mBéarla, cuirtear tús le próiséis sárú rialacha a chuireann fócas ar iompar an scoláire. Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas más rud é nach bhfuil iarracht á dhéanamh ag scoláire Gaeilge a labhairt agus cloí le Riail na Gaeilge. Más rud é nach bhfeictear feabhas san iompar agus san iarracht, ainneoin an cúnamh ar fad atá faighte, ní bheidh rogha ag an bpríomhoide ach an scoláire a chur abhaile mar go bhfuileadar ag teacht salach ar deis scoláirí eile tairbhe a bhaint as an gcúrsa.

 

Substaint Choiscithe

Tá cosc iomlán ar caitheamh tobac, alcól agus drugaí agus níl cead ariamh na substaintí seo a bheith i do sheilbh, le linn do thréimhse i gColáiste Chiaráin

 

Alcól

Níl cead ag scoláire alcól a cheannacht, a ól nó dul isteach i dteach tabhairne le linn an tréimhse i gColáiste Chiaráin.

 

Tobac

Tá cosc iomlán ar caitheamh tobac i gcónái agus i ngach áit le linn an tréimhse i gColáiste Chiaráin.

Ábhar Contúirteach

Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht scoláirí, déanfar aon ábhar contúirteach a choigistiú agus cuirfear an scoláire abhaile láithreach.

 

Bulaíocht

Ní ghlacfar ar chor ar bith le bulaíocht ar scoláire ná le droch theanga. Is cúis dibirt bulaíocht nó droch iompar thromchúiseach.

Déanfaidh an príomhoide, leas-phríomhoide agus múinteoirí aon eachtra bulaíochta a chuirtear i leith scoláire a fhiosrú go mion agus go cúramach agus cuirfear stiúrthóirí an Choláiste ar an eolas chomh maith. Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas maidir leis na céimeanna atá tógtha agus á thógáil, i dtaca leis an Polasaí Frith-Bhulaíocht atá ag an gColáiste. Más rud é go dtuigtear go bhfuil scoláire taréis bulaíocht a dhéanamh (féach Polasaí Frith Bhulaíocht le haghaidh sainmhíniú) cuirfear an scoláire sin abhaile. Beidh sé mar fhreagracht ag tuismitheoirí an scoláire sin é/í a bhailiú ón gCeathrú Rua. Chomh fada agus is féidir tabharfaidh an Choláiste tacaíocht do na tuismitheoirí socraithe a dhéanamh chun an scoláire a thabhairt abhaile, ach is gá go bhfágfaidh siad an Choláiste a luaithe agus is féidir.

Stíl Gruaige

Níl cead stíl gruaige a athrú i rith an chúrsa ar aon bhealach ná polladh a dhéanamh ar feadh an tréimhse i gColáiste Chiaráin.

 

Goid & Loitiméireacht

Íocfaidh scoláire as aon rud a ghoidfear nó aon damáiste a dhéanfar ar threalamh pearsanta nó abhár aon duine eile agus cuirfear an scoláire sin abhaile láithreach.

 

Comhchaidreamh

Is gá do scoláirí cloí le rialacha an Choláiste. Caithfear bheith sa Teach Lóistin roimh am cuirfiú gach oíche agus níl cead an Teach Lóistín a fhágáil ina dhiaidh sin ar aon chúis. Aon duine a fhágann an Teach Lóistín taréis cuirfiú, d'fhéadfaí iad a chur ar fionraí nó iad a dhibirt ón gColáiste. Níl cead ag scoláirí socraithe a dhéanamh castáil le scoláirí eile nó éinne eile taobh amuigh do na himeachtaí atá eagraithe sa Choláiste. Níl cead aon chaidreamh mí chuí idir scoláirí.

 

Fón Póca

Tá cead an fón póca chun caidreamh leis an baile amháin ar an Mháirt agus an Déardaoin idir a 6:15 - 6:45 sa tráthnóna. Freisin tá cead an fón póca ar maidin De Domhnaigh idir 9.30-10.30. Seachas sin ba chóir go mbeadh an fón póca i seilbh Bean/Fear an Tí agus é lipéadaithe le ainm agus uimhir guthán an scoláire. Níl cead bheith i dteagmháil le scoláirí eile sa Choláiste ar fón póca nó le éinne sa cheantar. Níl cead an dara fón póca bheith i seilbh an scoláire agus má fhaighear ceann, cuirfear an scoláire abhaile ón Choláiste.

Cuartaíocht

Tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus gaolta teacht ar an Domhnach idir 11.30-7.30. Is féidir scoláire a bhailiú ón gColáiste ar maidin idir 11.30-12.30, le cead an phríomhoide. Más mian leat aon scoláire eile a thógáil amach freisin, is gá cead scriofa bheith agat ó na tuismitheoirí sin. Níor chóir teacht ar chuairt aon lá eile, ach amháin i gcás eisceachtúil, mar go gcuireann sé isteach ar imeachtaí eagraithe.

Iarratais & Clárú

Ar Ceall & Aisíoc

Is gá iarmhéid an táille a íoc sé seachtainí roimh thús an chúrsa.

Má tá áit faighte ach gur gá don scoláire é sin a chur ar ceal, is gá fógra scriofa a thabhairt sé seachtainí roimh thús an chúrsa. Sa chás sin cuirfear aisíoc lúide 50 euro táille riarachán.

Más gá do scoláire áit a chealú taobh istigh de na sé seachtainí roimh thús an chúrsa ar chúinsí sláinte (covid-19 san áireamh), tabharfar aisíoc iomlán lúide táille riarachán 50 euro nuair a fheictear tuairisc liachta.

Muna n'íocfar an iarmhéid san am chuí is féidir an áit a thabhairt do dhuine ar liosta feithimh. Ní bheidh aisíoc liúntas i gceist.

Más gá don Choláiste an cúrsa a chur ar ceal de bharr srianta Covid-19 nó aon chúis eile, déanfar tairiscint don scoláire i dtosach áirithint a dhéanamh ar chúrsa eile agus ar dáta eile. Muna fheileann seo don scoláire déanfar aisíoc ar an táille lúide táille riarachán 50 euro.

Más gá de bharr srianta Covid-19 uimhreacha ar chúrsa a laghdú déantar áit a thairiscint ar bhun tús freastal ar an ceann is túisce. Má cháilleann scoláire áit dá bharr déanfar tairiscint ar áit ar chúrsa eile ag am eile. Muna fheileann seo déanfar aisíoc iomlán lúide táille riarachán €50.

Níl aon aisíoc d'éinne ag fágáil an chúrsa luath ar aon chúis.

 

Griangrafeanna & Íomhánna Digiteacha

Beidh múinteoirí agus cuntóirí ag glacadh fótagraf do na scoláirí i mbun imeachtaí i rith an chúrsa. Foilseofar iad ar an suíomh idirlíon, na meáin soisialta agus in ábhar clóite. Muna mian leat go núsáidfí íomhánna dhíot mar seo bí i dteagmháil leis an Choláiste agus bainfear anuas na híomhánna sin.

Tithe Lóistín

Is gá do scoláirí cloí leis an gcuirfiú a thugann an príomhoide nó leas-phríomhoide gach lá. Tá na Títhe Lóistín ar fad ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta. Labhraítear Gaeilge an t-am ar fad sna títhe lóistín agus beidh Bean/Fear an Tí ag súil go labhróidh na scoláirí Gaeilge chomh maith.

 

Breoiteacht Leighis / Ailléirgí

Is féidir teacht ar dhochtúir ar dhualgas i gcónaí. Íocfaidh scoláire/tuismitheoir as an chuairt. Ba chóir an Choláiste a chur ar an eolas má tá aon chógais á thógáil ag do mhac/iníon nó aon tinneas ag cur as dóibh. Is feidir an fhoirm cuí a íosládáil anseo agus a sheoladh leis an bhfoirm iarratais.

 

Imeachtaí Taobh Amuigh

Níl cead ag scoláirí dul ag snámh, ag iascaireacht nó páirt a ghlacadh in aon imeachtaí eile taobh amuigh den chlár atá eagraithe ag an bpríomhoide gan cead scriofa ó tuismitheoirí nó ón bpriomhoide.

 

Ginearálta

Airgead Póca/ Banc an Choláiste 
Is gá do scoláirí airgead a lóisteáil sa bhanc agus is féidir airgead a aistharraingt nó a lóisteáil i rith an chúrsa mar atá ag teastáil.

Iompar & Mí-iompar

Tá géarghá le iompar freagrach, deábhéasach ó scoláirí i rith an tréimhse sa Cheathrú Rua.
Ní ghlacfar le aon droch iompar i dtreo na múinteoirí agus cúntoirí, an príomhoide nó leas-phríomhoide. Is cúis fionraí nó dibirt é an droch iompar. Ní ghlacfar le droch iompar sa Teach Lóistín ach oiread i dtreo Fear/Bean an Tí agus is cúis fionraí nó díbirt é an droch iompa seo má tharlaíonn sé. Caithfidh scoláirí cloí leis na rialacha agus iad i mbun imeachtaí, sa rang, sa Teach Lóistín, ag taisteal chuig an Choláiste nó abhaile as sin.

Comhoibriú
Is gá i gcónaí comhoibrú le Bean/Fear an Tí, cúntóirí agus múinteoirí agus muintir na háite. Ní ghlacfar le aon droch iompar, le imeagla fisiciúil nó labhartha, cibé cúis.

 

Mura gcloítear leis na rialachta thuas nó rialacha ginearalta sa choláiste caithfear an scoláire sin a dhíbirt ón gcúrsa.

N.B.  Ní cheadaítear aon aisíocaíocht táillí sa chás seo agus ní dhéanfar aon eisceacht.