IMEACHTAÍ

Cúis bróid dúinne i gColáiste Chiaráin, na háiseanna íontacha spóirte agus caitheamh aimsire atá againn anseo idir hallaí, páirceanna, cúirteanna agus tránna áille

Tá traidisiún fada againne ag eagrú imeachtaí spóirte, cultúrtha agus siamsaíochta den uile chineál, i dtimpeallacht slán, sábháilte, spreagúil, in áit a mbíonn an deis ag scoláirí líofacht shuntasach a bhaint amach sa Ghaeilge anseo sa Ghaeltacht i gConamara.

a1

Spóirt

Cluichí: Comórtaisí idir ranganna agus idir tí

Páirc Uile-Aimsire

Spóirt páirce den uile chineál: peil, sacar, rugbaí, iománaíocht

Cispheil, Eitpheil agus cluichí cúirte eile

Traenáil eagraithe agus ceardlainn le haíonna speisialta

a2

Spóirt Loch

Cadhcadóireacht, scileanna iomradh, rámhaíocht agus sábháilteacht 

a3

Cois Trá

Snámh, spóirt ar an trá, comórtas caisleáin gainimh, snorcláil

a4

Galf

Galf ar Ghalfchúrsa na n-Oileáin in Eanach Mheáin

a5

Siúlóid Eagraithe

Siúlóid eagraithe chun aithne a chur ar áilleacht an leithinis agus an timpeallacht

a6

Céilí

Cleachtadh Céilí: Bun-chéimeanna, rincí éagsúla, seiteanna, téarmaí rince

Céilithe Gléasta agus téama éagsúl gach oíche

Ceol agus craic!

a8

Turais

Bíonn turais stairiúla, cultúrtha agus spraíúil eagraithe timpeall ceantar Chonamara, Gaillimh & Bóthar Na Trá. Tugtar cuairt ar na hOileáin Árann, ar oilithreacht Máméan, agus ionad nua Teach an Phiarsaigh

a7

Damhsa

Damhsa ar an sean-nós le taispeántas ó dhaoine na h-áite 

Ceol Tíre agus damhsa tíre

Agus an Jive!

a9

Lá Spóirt

Fóirne in aghaidh a chéile ar an Lá Spóirt! Comórtaisí éagsúla idir-tí. Caisleáin Spraoi!

An-choimhlint go deo! 

a10

Comórtais

Tráth na gCeist, Díospóireachtaí agus Scoraíochtaí

Comórtais idir thithe, comórtais tallainn, amhránaíocht nua chumtha, ceol choirmeacha

Tóraíocht Ciste, rianadóireacht

Amhránaíocht 

Spóirt

 

Chun páirt a ghlacadh 'sna himeachtaí seo, tabhair leat:

  • Úirlisí Ceoil do na comórtais
  • Éadaí Báistí, éadaí snámha & tuáille, éadaí spóirt, bróga reatha, bróga maithe siúlóide
  • Bí cruthaitheach san bpacáil do na céilithe gléasta!