Abhár Oidí 2021
Ranganna le múinteoirí le taithí agus fuinneamh den scoth.
Tréimhse foghlama Gaeltachta na mac léinn a chomhtháthú leis na Cúrsaí ar Mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil faoi stiúir.
Forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn.
Díreofar ar chleachtadh a dhéanamh ar na scileanna teanga seo a leanas:
- Tuiscint: cluastuiscint, léamhthuiscint.
- Labhairt: comhrá, foghraíocht, cur is cúiteamh, plé, láithriú foirmiúil, díospoireachtaí idir ranga
- Scríbhneoireacht: tascanna éagsúla mar shampla agallaimh, sceitseanna,drámaí, amhráin, scéalta
- Forbairt a dhéanamh ar úsáid agus ar chruthú áiseanna foghlama agus teagaisc don seomra ranga bunscoile.
- Córas fuaimeanna na Gaeilge a léiriú ina gcuid cainte agus ina gcuid léitheoireachta
- Breis feasachta a léiriú maidir le gramadach agus comhréir na Gaeilge
- Cur síos a dhéanamh ar ghnéithe de chultúr comhaimseartha na Gaeltachta.
- Soláthar ar leith a dhéanamh d’ábhair oidí ar cainteoirí dúchais nó cainteoirí d’ardchaighdeáin iad.